Dhá Leagan Déag – Léargais Nua ar an Sean-Nós (2022)
Eag. Philip Fogarty, Tiber Falzett agus Lillis Ó Laoire
Cnuasach aistí a phléann gnéithe éagsúla d’oidhreacht na hamhránaíochta sa Ghaeilge go háirithe ó aimsir na hAthbheochana i leith atá sa leabhar seo. Seo an chéad chnuasach aistí dá chineál a dhíríonn go sonrach ar an amhránaíocht mar fheiniméan bisiúil atá ag athrú agus ag forbairt i gcónaí.
[Tuilleadh anseo]