Foinn, focail, féiniúlachtaí: claochlú cultúir sa Chlár 1850-1950 (2018)
arna mhaoiniú ag Coláiste na nDán, na nEolaíochtaí Sóisialta agus an Léinn Cheiltigh, Ollscoil na hÉireann Gaillimh
Achoimre:
Breathnaíonn an PhD seo ar na slite ina ndearna pobal iarthar an Chláir ionramháil ar fhoinn agus ar fhocail i dtraidisiún na hamhránaíochta, chun a bhféiniúlacht Éireannach féin a chur in iúl, le linn na tréimhse 1850-1950. Léirítear ann mar is féidir athghaibhniú na féiniúlachta a léamh as gnéithe na n-amhrán, idir na foinn agus na focail, leis an tuiscint gurb éard atá san fhéiniúlacht ná cleachtadh, nó taibhléiriú leanúnach, seachas stádas; léirítear ann leis sin an chaoi a raibh iomramháil na n-amhrán ina cuid d'athchonstráidiú is de réadú na bhféiniúlachtaí a tháinig as an athghaibhniú sin.
[Tuilleadh anseo]