Dúchas agus Dóchas (2022 - 2024)
In éineacht le Diarmuid de Faoite et al.
Ag ceol is ag cumadh mar bhall de mheitheal ceoltóirí curtha le chéile ag Diarmuid de Faoite agus anáil na beatha á séideadh acu ar thaisce cheol dúchais an Chláir. Chuir Diarmuid tús leis an meitheal agus é ag tocailt leis sa ghort céanna ina ndearna Philip féin taighde dochtúireachta ar thraidisiún na hamhránaíochta is ar an nGaeilge sa Chlár. Sa tionscnamh seo táthar chun amhráin an Chláir a bhí imithe le sruth a chur ar ais i mbéal phobal an chontae agus i mbéal phobal na tíre.
Téann Philip ar an maidhc, ar an mbóthar, is os comhair an cheamara i dteannta Dhiarmuid, Therese Mc Inerney, Nuala Kennedy, Edel Vaughan, Tim Dennehy, Emer O Flaherty, Gráinne Cotter, Enda Haran agus go leor eile.
[Tuilleadh anseo]